Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Jun 1995

Vol. 454 No. 2

Written Answers. - Liúntas Oileáin do Oifigidh Leasa Pobail.

Éamon Ó Cuív

Question:

44 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth nach bhfuil liúntas oileáin á íoc le hOifigigh Leasa Pobail (CWO) atá ag cónaí ar oileáin. [10465/95]

Limerick East): Sí an t-aon fhoireann sa Bhórd Sláinte a ghlacann liúntas oileáin ná banaltraí sláinte poiblí. Tosaíodh an liúntas seo chun banaltraí a spreagadh chuig an seirbhís oileáin.

Go dtí seo, ní raibh sé riachtanach liúntas den tsaghas seo a mheas i gcás Oifigeach Leasa Pobail nó aon ghrád eile sa Bhord Sláinte.

Top
Share