Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Jun 1995

Vol. 454 No. 6

Written Answers. - Tacú le hAer Árann.

Máire Geoghegan-Quinn

Question:

111 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag a Roinn nó ag Údarás na Gaeltachta tacú le hAer Árann chun seirbhísí a chur ar fáil ar Inis Bó Finne, Inis Cliara agus Inis Toirc. [11151/95]

I gcás togra den chineál sin tá cúnamh ó mo Roinnse agus ó Údarás na Gaeltachta teoranta don Ghaeltacht mar a shonraítear í in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1982.

Is eol den Teachta, ní foláir, go bhfuil Coiste Speisialta, faoi Chathaoirleacht an Aire Stáit ag mo Roinnse agus ag Roinn an Taoisigh. Dónal Carey Uasal, TD, ag scrudú fadhbanna na n-oileán agus tuigtear dom go bhfuil an cheist maidir le haer-sheirbhísí chuig na hoileáin atá luaite ag an Teachta á cur san áireamh sa scrúdú sin.

Top
Share