Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Jun 1995

Vol. 455 No. 3

Written Answers - Cáilíochtaí do Mhúinteoirí i gColáiste Samhraidh.

Éamon Ó Cuív

Question:

90 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil athrú sna cáilíochtaí atá ag teastáil ó mhúinteoirí le dul ag múineadh i gColáistí Samhraidh Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12074/95]

Níl aon athrú i mbliana sna cáilíochtaí atá ag teastáil ó mhúinteoirí sna rialacháin faoina n-íoctar deontais ar son cúrsaí samhraidh i gColáistí Gaeilge.

Top
Share