Dan Wallace
Question:9 D'fhiafraigh Mr. D. Wallace den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint that lear. [12425/95]
Vol. 455 No. 5
9 D'fhiafraigh Mr. D. Wallace den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint that lear. [12425/95]
14 D'fhiafraigh Mr. Kirk den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12424/95]
18 D'fhiafraigh Mr. O'Donoghue den den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12432/95]
30 D'fhiafraigh Dr. Moffatt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12428/95]
31 D'fhiafraigh Mr. Foley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12431/95]
32 D'fhiafraigh Mr. O'Leary den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12433/95]
33 D'fhiafraigh Mr. Davern den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12427/95]
36 D'fhiafraigh Mr. Connolly den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12426/95]
39 D'fhiafraigh Mr. Moynihan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge ará ag maireachtaint thar lear. [12430/95]
50 D'fhiafraigh Mr. Morley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige polasaí a fhorbairt ó thaobh phobal na Gaeilge atá ag maireachtaint thar lear. [12429/95]
Tógfaidh mé Ceisteanna 9, 14, 18, 30, 31, 32, 33, 36, 39 agus 50 le chéile.
Glacaim leis gur polasaí bhuanú teanga atá ar intinn sna Ceisteanna. Is ar bhuanú agus leathadh úsáid na Gaeilge sa tír seo ar a n-áirítear an Ghaeltacht, atá iarrachtaí mo Roinne, Bhord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta á ndíriú go príomha. Agus é sin ráite tá cúnamh áirithe tugtha ag mo Roinnse do thionscnaimh Ghaeilge thar lear, i.e., Ollscoil Learpholl agus Southwark Irish Language Project, Londain, agus leanfar de chúnamh a thabhairt, feadh ár gcumais, do thograí fiúntacha iasachta.
Chomh maith leis sin tá craobhacha ag Conradh na Gaeilge, eagras deonach a fhaigheann cúnamh bliantúil ó mo Roinnse, i roinnt mhaith tíortha thar lear, i.e., Sasana, Albain, Oileáin Mhuir nIocht, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Astráil, an Fhrainc, an Spáinn agus an Eilvéis. Bíonn craobhacha thar lear freisin, ar ndóigh, ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, eagraíocht a mbíonn obair mhaith ar siúl aici thar lear ar mhaithe leis an gceol agus leis an gcultúr dúchais i gcoitinne a chur chun cinn.
Tuigfidh, na Teachtaí, ar ndóigh, gur ar phobal na Gaeilge féin thar lear, le cibé tacaíocht agus comhairle is féidir leis na heagrais dheonacha Ghaeilge a thabhairt agus le cibé cúnamh a dtig le mo Roinnse féin a chur ar fáil, a chaithfear a bheith ag brath chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a bhuanú ina measc.