Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Written Answers. - Droichead Nua in Áit Dhroichead Uí bhFlannaire.

Robert Molloy

Question:

40 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas speisialta ar fáil chun cabhrú le Comhairle Chontae na Gaillimhe droichead nua a thógáil in áit Dhroichead Uí bhFlannaire, Cill Chiaráin, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7725/95]

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse sa chás seo.

Ní foláir, áfach, ach go mbainfeadh costas ollmhór le droichead nua a thógáil. Tá suim theoranta airgid (£220,000), atá fós le dáileadh, i Vóta mo Roinne i mbliana le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht.

Top
Share