Faoi choinníollacha conartha idir mo Roinnse agus Aer Árann, is féidir le breis agus 200 pinsinéirí, atá ina gcónaí ar Oileáin Árann, taistil ar eitleán idir na hOileáin agus Gaillimh. Tá an socrú seo i bhfeidhm ón 1 Meitheamh an bhlian seo caite agus ciallaíonn sé gur féidir lena pinsinéirí sé thurais fillte a dhéanamh ar Aer Árann gach dhá mhí déag. Níl aon teorann curtha leis an méid turais gur féidir lena pinsinéirí a dhéanamh ar bháid farantóireachta na n-oileán.
De gnáth tá costas £33 an duine ar thuras fillte le Aer Árann. Mar sin is fiú £198 an socrú breise seo dona pinsinéirí gach uile bliain. Níl sé i gceist agam aon athrú a dhéanamh ar an méad saorthurais atá i bhfeidhm faoin socrú seo.