Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Oct 1995

Vol. 456 No. 6

Written Answers. - Scéimeanna Fostaíochta.

Éamon Ó Cuív

Question:

45 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Fiontair agus Fostaíochta an bhfuil sé sásta, i gcásanna nach bhfuil éinne os cionn bliain is fiche d'aois le fáil do scéimeanna fostaíochta, daoine idir ocht mbliana déag agus bliain is fiche d'aois a ligean ar na scéimeanna seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13019/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Fiontair agus Fostaíochta cén fáth nach bhfuil cead ag daoine idir ocht mbliana déag agus bliain is fiche dul ar scéimeanna fostaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13018/95]

Togfaidh me Ceisteanna Uimh. 45 agus 51 le céile.

Glacaim leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná an scéim fostaíochta fostaíocht phobail. Tá an scéim so dírithe faoi leith ar lucht dífhostaithe fad-téarmach agus is ar an bhonn sin atá na coinníollacha leagtha síos. Mar sin féin, áfach, tá daoine níos lú na 21 bliain d'aois, atá ag fáil sochar dífhostaíochta ar feadh breis is 12 mhí, maraon leo siúd atá ag fáil liúntas tuismitheora aonair ar feadh breis is 12 mhí, iontofa don scéim. Freisin, is féidir le h-ógánaigh a h-ainmnaíonn an Bord Athshlanúchain páirt a ghlacadh sa scéim.

Ag an bpointe seo, tá breis agus 211,000 daoine iontofa don scéim agus tá mé sásta go bhfuil sé so dóthaineach chun na spásanna ar an scéim a líonadh. Dar ndóigh, tá an-chuid scéimeanna tréanála á reachtáil ag FÁS nach mbaineann coinníollacha aoise leo in aon chor.
Top
Share