Éamon Ó Cuív
Question:112 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cé mhéad airgid atá le híoc fós le Coláistí Gaeilge do scoláirí a bhí ar chúrsaí samhraidh do na trí mhí, Meitheamh, Iúil agus Lúnasa, faoi seach; agus an bhféadfaidh sí a dheimhniú cén uair a dhéanfar na híocaíochtaí seo. [14372/95]