Written Answers. - Ministerial Costs.
Síle de Valera
Question:
85
Miss de Valera
asked the
Minister for Arts, Culture and the Gaeltaht
the number and cost of staff in his general and private ministerial offices and the general and private ministerial offices of the Minister (s) of State at his Department; the number and cost of contract and part-time staff employed in such offices; the cost of all travel undertaken by him or the Minister (s) of State at his Department since appointment to office outlining the destinations visited, the duration, dates and purpose of the trips; the total expenses incurred by him or the Minister (s) of State at his Department; and the cost and names of consultancy services to his Department and each State body under the aegis of his Department to date in 1995.
[15313/95]
Maidir le cúrsaí foirne, seo a leanas na sonraí faoi líin agus tuarastail na n-oifigeach atá ag obair i m'Oifig féin agus Oifig an Aire Stáit ag mo Roinnse:
Oifig
|
Líon Oifigeach
|
Tuarastail in aghaidh na bliana
|
|
|
£
|
Oifig Phríobháid each an Aire
|
10
|
187,000
|
Oifig Dháilchean- tair an Aire
|
6
|
74,000
|
Oifig Phríobháid- each an Aire Stáit
|
2
|
32,000
|
San áireamh sna figiurí thusluaite, tá cúigear i m'Oifig féin atá fostaithe ar chonradh agus tuarastail de thart ar £121,700 san iomlán á n-íoc leo in aghaidh na bliana.
Maidir le cúrsaí taistil, dirím aird an Teacht ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh, 88 den 18 Deireadh Fómhair 1995 (Tag: 15139/95) inar thug mé sonraí iomlána faoi na turasanna thar lear atá déanta agam ó athcheapadh mar Aire mé i mí na Nollag seo caite.
Maidir le turasanna laistigh den tír, is amhlaidh go bhfuil costais taistil de mhéid £323 íochta ag mo Roinnse go dáta i ndáil le 3 thuras den chineál sin atá déanta agam, Seo a leanas na sonraí:
Áit/Dáta
|
Cuspóir
|
Costas
|
|
|
£
|
Corcaigh/ Luimneach 4-5 Bealtaine
|
(a) Freastal ar ócáidí éagsúla a bhain le cúrsaí éagsúla a bhain le cúrsaí oidhreachta.
|
|
(b) Comhchomhairle Ealáne Chorcaíi a oscailt.
|
|
|
(c) FORTE — an Mheitheal Oibre ar an Tionscal Ceoil — a sheoladh.
|
172
|
Corcaigh 12-13 Iúil
|
Freastal ar ócáidí éags úla a bhain le cúrsaí scannánaíochta agus oidhreachta.
|
151
|
Ní dhearna an (Aire Stáit do mo Roinnse aon turas thar lear ó ceapadh é agus níor íocadh costais taistil leis go dáda i leith aon turais atá déanta aige laistigh den tír.
Maidir le seírbhísí comhairleoireachta, bhain formhór an chaiteachais atá déantá go dáta i mbliana ag mo Roinn Féin (Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Leabharlann Naíisiúnta agus an Chartlann Náisiúnta san áireamh) leis na comhairleoirí seo a leanas:
Comhlucht
|
Seirbhís
|
Baseline Creative Services
|
Dearadh agus seirbhísí clóchur etc i ndáil leis an bPáipear Glas ar Chraolacháin.
|
Corporate Graphics Ltd
|
Dearadh agus seirbhísí clóchur etc i ndáil le nuachtlitreacha Roinne
|
Hogan & Hartson
|
Comhairle dlíi ndáil leis an m.v. Lusitania
|
R.P.S. Cairns Ltd
|
Staidéar ar an gCanáil Ríoga
|
SKC Corporate Finance
|
Comhairle i ndáil le hiarr atas RTÉ ar mhéadú sa cheadúnas teilifíse
|
Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé críonna sonraí a thabhairt faoin gcostas a bhain le gach cás ar leith ag féachaint dó gur próiséas tairisceana a bhí ann i gcuid mhaith de na cásanna. Is féidir liom a dheimhniú, áfach, gur caitheachas £73,494 san iomlán atá déanta ag mo Roinnse go dáta i ndáil le seirbhísí comhairleoireachta i mbliana. Cé go bhfuil áthas orm eolas den chineál sin a sholáthar i ndáil le mo Roinn féin agus leis na hInstitiúidí a thagann díreach faoi mo chúram (i.e. Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Leabharlann Náisiúnta agus an Chartlann Náisiúnta), feictear dom nach mbeadh sé cuí an t-eolas céanna a lorg ó na heagraíochtaí Stáit faoi chúram mo Roinne-se ós rudé nach bhfuil feidhm agam i ngnáth- riarachán na n-eagraíochtaí sin ar bhonn laethúil.