Sí an cheist atá agam ar an Aire Oideachais anocht ná chun a fhiafraí dí — feicim nach bhfuil sí féin anseo — an bhfuil fhios aici cé chomh práinneach is atá an t-iarratas ó Ghaelscoil Mhic Amhlaidh go gceannódh an Roinn Oideachais suíomh oiriúnach buan le scoil nua ocht-ranganna a thógáil agus chun a chinntiú go mbeidh an scoil nua san áireamh i gclár tógála na roinne do 1996 agus airgead curtha ar fáil sna meastacháin dá réir agus an ndé-anfaidh sí ráiteas sa chás.
Go luath taréis don Aire teacht isteach sa Rialtas nua i mí Feabhra imbliana chuir an Rialtas an polasaí nua a bhí acu os comhair na Dála. Ceann de na príomh-aidhmeanna acu ná go dtabharfadh siad cabhair do na Gaelscoileanna go luath.
Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire gur bhliain chriticiúil chinniúnach í an bhliain seo do Ghaelscoil Mhic Amhlaidh. Tá líon na bpáistí ag dul i méid gach bliain — tá 91 páiste cláraithe sa scoil inniu cé nár thosaigh sí go dtí mí Dheireadh Fómhair 1993, sin dhá bhliain ó shin. Tá ceathrar múinteoir sa scoil. Chomh maith leis sin tá naíonra sa scoil le beirt stiúrthóir.
Tá géarchéim cóiríochta sa scoil faoi láthair mar seo leanas. Tá an cead pleanála ón mBord Pleanála don chéad fhoirgneamh sealadach, agus atá fós in usáid, as dáta ó mhí Iúil 1995.
Toisc an brú spáis i Meán Fómhair 1995 tá úsáid á baint as bungalow príobháideach atá faighte ar léas bliana mar dhara chóiríocht breise. Tá Enforcement Notice eisithe ag Bárdas na Gaillimhe i leith an fhoirgnimh sin.
Tá an seomra tionóil ar chúl an tséipéil á úsáid le haghaidh drámaíocht, rince agus araile. Tá carrchlós an tséipéil á úsáid mar chlós don scoil. Is í príomh aidhm na scoile anois ná go gceannódh an Roinn Oideachais láithreach suíomh oiriúnach buan atá molta ag Bord Bainistíochta na scoile agus aitheanta ag an Roinn do scoil bhuan.
Ní mór chomh maith a chinntiú go mbeidh an scoil nua san áireamh i gclár tógála na Roinne Oideachais do 1996 agus airgead curtha ar fáil sna meastacháin dá réir.
I bhfianaise géarchéim cóiríochta na scoile faoi láthair agus ag cur san áireamh gur scoil bhuan atá innti iarraim ar an Aire na ceisteanna sonracha seo a fhreagairt. Muna bhfuil ar a cumas freagra deimhnitheach agus cuimsitheach a thabhairt dom anocht ba mhaith liom a iarraidh uirthi é sin a dhéanamh go práinneach amach anseo.
An bhfuil airgead ar fáil anois chun an suíomh oiriúnach ag Kimmeenmore, Barna, atá aitheanta ag an Roinn, a cheannach don Ghaelscoil seo? An gcuirfear an Gaelscoil san áireamh i gclár tógála na Roinne i 1996 toisc an gearchéim reatha cóiríochta atá orthu?
An gceadóidh an tAire don scoil ailtire a fhostú chun dearadh don scoil nua a ullmhú láithreach i gcomhairle le rannóg tógála na Roinne? Mar gheall ar an ngéarchéim agus ar an gcostas mór ó thaobh cíosa atá ar an scoil faoi láthair an mbeadh an tAire sásta cúnamh eisceachtúil thar an gnáth ráta cíosa a chur ar fáil don scoil?
An cheist dheireannach ná an féidir leis an Roinn dlús a chur leis an idirbheartaiocht reatha le Bardas na Gaillimhe faoi cheist na scoile seo? B'fhéidir nach mbeidh na freagraí go léir ag an Aire Stait ar na ceisteanna sin ach ba mhaith liom dá bhfeádfaí freagra a chur chugam go luath ar na pointí nach bhfuil sé chun a fhreagairt anois mar tá cás Ghaelscoil Mhic Amhlaidh an-phráinneach ar fad de bharr an méid páistí atá inti agus an easpa foirgnimh atá orthu chun leanúint ar aghaidh.