An oiread leis an Teachta McGinley, fáiltím roimh an eolas, agus sílim go bhfuil go leor eolais faighte faoi seo, ach an bhféadfainn a fhiafraí den Aire Stáit, an é an rud atá ag dul ag tarlú anois ná, tar éis na meastacháin bheith ann ag tús na bliana go bhfógrófar scéim 1996, go mbeidh dáta go gcaithfidh na hiarratais bheith istigh roimhe, abraimis deireadh mhí Márta nó dáta éigin, go ndéanfar na hiarratais a tháinig a mheas agus isteach ón lá gur fógraiodh an scéim go dtí an dáta deiridh a mheas agus go gceadófar na deontais áise do 1996 bunaithe ar chóras mar sin. An bhféadfainn a fhiafraí den Aire Stáit, an é sin atá i gceist, mar sílim, dá mb'ea, go mbeadh soiléiriú iontach curtha ar scéim na mbóithre áise.