Éamon Ó Cuív
Question:137 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aige ar chúnamh airgid ón Roinn le caoi a chur ar an Sleamhnán ag an Lochán Beag, Indreabhán, Contae na Gaillimhe, céard é costas measta na hoibre atá i gceist; agus an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú don obair seo. [15989/95]