Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Dec 1995

Vol. 459 No. 5

Adjournment Debate. - Oifigeach Leasa Phobail d'Oileáin Árainn (Gaillimh)

Tá áthas orm an deis seo a fháil le ceist atá ina cnámh spáirne le blianta fada in Oileáin Árainn á thógáil leis an Aire Stáit. Is é sin an gá atá ann go mbéadh oifigeach leasa phobail lán aimsireach fostaithe ar Oileáin Árainn amach ó chósta na Gaillimhe.

I láthair na huaire tá oifigeach leasa phobail ar na hOileáin ag comhnaí in Inis Mór fostaithe ag an mBord Sláinte agus de réir mar a thuigim, mar nár tugadh aon chead ó Airí Sláinte éagsúla, níl ach duine páirt-aimsireach i gceist. Tá beagáinín os cionn trian de phá iomlán oifigigh leasa phobail lán-aimsireach á íoc don duine atá fostaithe. Mar sin tá tú ag caint faoi beagainín os cionn trian ó thaobh cúrsaí ama de don oifigeach leasa phobail.

Anois is féidir argóint nach bhfuil an t-oifigeach leasa phobail seo ach ag freastal ar dhaonra de 1,500 duine. Is é sin, tá thart ar 800 duine in Inis Mór, 200 duine in Inis Meáin agus 350 duine nó beagáinin os a chionn in Inis Oírr. Ach, ar ndóigh, is rud éagsúil ar fad a bheith mar oifigeach leasa phobail ag freastal or oileáin. Caithfidh an t-oifigeach leasa phobail sa chás seo dul go hInis Meáin agus Inis Oírr lá sa tseachtain. Go mór mhór sa gheimhreadh sa chaoi a bhfuil cúrsaí iompair caithfidh sé dul ann ar an eitleán. So nuair a théann tú go dtí an t-oileán eile fiú muna bhfuil ach uair a chloig nó uair go leith oibre ann, caithfidh tú fanacht go dtí go mbeidh an t-eitleán ag dul ar ais trathnóna. Freisin, ar ndóigh, de bharr nádúr na nOileán tá go leor daoine ar na hOileáin ag braith ar chúnaimh leasa shoisialaigh le maireachtáil. Mar sin, tá ualach trom oibre ar an oifigeach leasa phobail. Agus freisin, ar ndóigh, níl na gnáth seirbhisí a bhíonn ar fáil ar an morthír ar fáil ar na hOileáin. Mar shampla, níl aon Chumann Naoimh Uinsinn de Pól ann; níl aon oibrithe sóisialta ann agus mar sin de. Dá bhrí sin tá ualach trom oibre ar an oifigeach leasa phobail ar na hOileáin nach bhfuil ar a leithéid ar an mór-thír.

Cuireann sé iontas orm ó tharla go bhfuil oifigeach leasa pbhobail ag comhnaí ar na hOileáin, nach bhfuiltear sásta oifigeach lán-aimsireach a cheapadh. Tá fás nach beag tagaithe ar líon na ndaoine a thagann go dtí na hOileáin i rith an tsamhraidh agus fás dá réir ar na fadhbanna. Mar shampla, tá suas le 2,000 duine sa ló ag teacht isteach go hInis Mór agus, ar ndóigh, éiríonn fadhbanna le cuid de na daoine seo. Fanann cuid acu agus ritheann cuid acu as airgead agus mar sin de. Dá bharr sin bíonn tarraingt ar sheirbhísí an oifigigh leasa phobail.

Tá mise ag súil go bhféadfadh an Roinn agus an Bord Sláinte breathnú go báiúil ar stádas lán-aimsireach a thabhairt don oifigeach seo.

Tá plé fada ar bun maidir le coiste eadaránach, tuarascáil a gealladh dúinn roimh dheireadh mhí Dheireadh Fomhair nach bhfuil faighte. Ach idir an dá linn seo rud beag a bhféadfaí a dhéanamh do na hOileáin. Níl aon chostas mór ag baint leis, mar tarlaíonn sé nach bhfuil aon nós nó precedent i gceist do aon áit eile sa tír ó tharla nach bhfuil i gceist ach an t-aon duine amháin seo atá ina chomhnaí ar oileán atá ag cur seirbhís ar fáil do phobal na dtrí Oileán. Déanaim an achainí seo chun a chinntiú gur féidir seirbhís lán-aimsireach a chur ar fáil do na hOileánaigh mar atá a gcur ar fáil ar an mór-thír. Creidim féin go bhfuil an t-ualach oibre ann agus go bhfuil gá le duine lán-aimsireach.

Gabhaim buíochas leis an dTeachta as an gceist seo a chur faoi mo bhráid is ba mhaith liom miniú conas mar atá cursaí faoi láthair.

De ghnáth sa tseirbhís sláinte phoiblí, tá riachtanais na seirbhíse agus ceapachán na foirne de réir na riachtanas sin mar chúram ar an údarás fostaíochta atá i gceist ar cur san áireamh na luigéide atá ar fail agus an leibhéal fostaíochta atá ceadaithe. Dá bhrí sin tá ceist na noifigeach leasa phobail i limistéar na Bhoird, Oileáin Arainn san áireamh, le scrudú ag Bord Sláinte an Iarthair i gcomhthéacs riachtanas na seirbhíse is na dteorainneacha airgeadais agus fostaíochta atá ann.

Taispeáineann an t-eolas atá ar fáil ón daonáireamh bliantúil sa tseirbhís slainte phoiblí gur mhéadaigh an líon oifigeach leasa phobail fostaithe ag Bórd Slainte an Iarthair ó 48 go 58 idir Nollaig 1991 agus Nollaig 1994.

Ba mhaith liom cur in iúl don Teachta go dtuigim go maith an obair thábhachtach atá á déanamh ag oifigigh leasa phobail maidir le riarachán morán seirbhísí sláinte is scéimeanna cothabhála go mormhór an liúntas leasa forlíontaigh (SWA). Tá a fhios agam go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint lena gcuid oibre i gcomhthéacs pobail ar oileán.

Chuir mé imní an Teachta in iúl do Bhórd Sláinte an Iarthair. Deir an Bord Sláinte go bhfuil oifigeach leasa phobail fostaithe faoi láthair ar bhonn seasta, páirt-aimseartha ar Oileáin Arainn. Chomh maith leis sin tá an Bórd sásta nach n-éilionn an méid oibre atá le déanamh ceapachán oifigeach leasa phobail ar bhonn lán-aimseartha do na hOileáin Arainn.

Tá súil agam go léiríonn an t-eolas seo an scéal don Teachta.

Top
Share