Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Dec 1995

Vol. 459 No. 5

Written Answers. - Stádas na Gaeilge.

Robert Molloy

Question:

56 D'fhiafraigh Mr. Molloy den den Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha an aontaíonn sé go gcuirfeadh stádas teanga oifigiúla don Ghaeilge le feachtas lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann aitheantas agus seirbhís a fháil dá gcearta Gaeilge ó Rialtas Shasana agus go dtabharfadh sé bailíocht don fheachtas sin. [15771/95]

Ar ndóigh aon athrú dearfach i stádas na Gaeilge chuideodh sé le seasamh na teanga i gcoitinne.

Mar sin féin is é an tslí is éifeachtaí ag an am seo chun cuidiú leis an teanga ó thuaidh ná trí gach deis a úsáid chun cur ina luí ar Rialtas na Breataine cé chomh tábhachtach is atá sé caitheamh go cóir agus go diongbháilte leis an nGaeilge sa statchóras i dTuaisceart Éireann. Tá sé sin déanta go rialta agam i gcruinnithe den Chomhdháil Angla-Éireannach agus ar na mallaibh ag an gcruinniú i mBéal Feirste ar an 17 Deireadh Fómhair 1995.

Top
Share