Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Dec 1995

Vol. 459 No. 7

Written Answers. - Engagement of Consultants.

Ivor Callely

Question:

85 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the names of individuals, groups or companies which have undertaken or have been approved to undertake full-time, part-time or casual consultancies, reviews, examinations or analysis, apart from public relations services, on his behalf or on behalf of Minister(s) of State at his Department; the total cost to date in 1995 for each contract; when the work is likely to be completed; and the estimated cost for the full job. [18981/95]

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 57 den 25 Deireadh Fómhair 1995 maidir le comhairleoirí a ceapadh sa tréimshe ó 16 Nollaig 1994. Tá an obair críochnaithe i ngach cás acu sin. Ó 25 Deireadh Fómhair i leith, tá ceapachán amháin eile déanta den chineál atá i gceist, viz tá Paul Allen & Associates ceaptha ag Ard-Mhúseam na hÉireann chun comhairle a chur orthu i ndáil le togra Dhún Uí Choileáin. Tuigim go mbeidh an conradh sa chás sin thart faoi dheireadh na bliana.

Maidir leis an gcostas, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra ar Cheist Uimh 85 den 19 Deireadh Fómhair 1995 ina ndúirt mé nach mbeadh sé críonna sonraí na gcostas a thabhairt ag féachaint dó go raibh próiséas tairisceana i gceist i bhformhór na gcásanna. Is féidir liom a dheimhniú, áfach, gur caitheachas £92,475 átá déanta ag mo Roinnse go dáta i mbliana i ndáil le seirbhísí comhairleoireachta.

Top
Share