Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Feb 1996

Vol. 461 No. 1

Written Answers - Saoráidí Calaíochta ar Oileán Thoraigh, Contae Dhún na nGall.

Pat the Cope Gallagher

Question:

103 D'fhiafraigh Mr. Gallagher, (Donegal South-West). den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén scéal is déanaí faoi na saoráidí calaíochta ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1549/96]

Dírim aird an Teachta ar an bpreasráiteas a eisíodh ar 1 Feabhra maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ar Thoraigh, Contae Dhún na nGall agus á chuimsiú agam sa Tuairisc Oifigiúil.

Tá iarrtha ar Roinn na Mara tairiscintí don obair dhreidireachta i dtaca leis an tionscnamh a lorg.

Is cúis áthais don Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, Michael D. Higgins, T.D., agus don Aire Stáit ag a Roinn, Dónal Carey, T.D., a fhógairt go bhfuil glactha ag an Rialtas le moladh uathu chun scéim mhór mhuiroibreacha ar chostas measta de £4.6m a chur i gcrích thar thréimhse trí bliana, ag tosú i mbliana, ag an mBaile Thiar, Toraigh. Obair dhreidireachta mar aon le leathnú agus síneadh ar an gcé atá ann faoi láthair atá i gceist.

Is í Roinn na Mara a bheidh freagrach as na hoibreacha a chur i gcrích ar son na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Tá na hoibreacha ag teastáil go príomha ionas go mbeidh an bád farantóireachta agus báid iascaigh in ann teacht le cé i rith na bliana ar fad. Beidh na saoráidí feabhsaithe ina chuidiú mór do thionscal na hiascaireachta, do thionscal na turasóireachta agus d'fhorbairt eacnamaíoch an oileáin i gcoitinne.

Beidh cúnamh ar fáil don togra seo ó chistí struchtúrtha an Aontais Eorpaigh faoin gClár Feidhme Iascaireachta.

Top
Share