Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Micheál Martin

Question:

40 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige ionadaí ó na ComharChumainn Ghaeltachta a cheapadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3210/96]

James Leonard

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Leonard den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige ionadaí ó na hOileáin a cheapadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta an chéad uair eile a bheidh ceapacháin le déanamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3212/96]

Tógfaidh mé Ceist a 40 agus Ceist a 48 le chéile.

Beidh Cathaoirleach agus cúig chomhaltaí le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta i lár na bliana agus beidh breithniú á dhéanamh agam ar gach uile ghné den scéal sula ndéanfar na ceapacháin. Ní miste a lua gur bainisteoirí Chomharchumainn Ghaeltachta iad beirt de chomhaltaí tofa an Údaráis faoi láthair.

Top
Share