Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Machaire Rabhartaigh, Contae Dhún na nGall.

Pat the Cope Gallagher

Question:

83 D'fhiafraigh Mr. P. Gallagher (Donegal South West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén scéal is déanaí faoi na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1550/96]

Tá breithniú á dhéanamh ar mholadh ó Roinn na Mara go bhfostófaí speisialtóirí comhairleoireachta chun staidéar a dhéanamh ar an trá agus ar an gcladach ag Machaire Rabhartaigh agus ar phiara Mhachaire Rabhartaigh agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ann.

Top
Share