Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Mar 1996

Vol. 462 No. 6

Written Answers. - Pobal Scoil An Cheathrú Rua (Gaillimh).

Éamon Ó Cuív

Question:

90 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar scrúdú ailtireachta agus innealtóireachta; cén uair a réiteofar pleananna; cén uair a chuirfear airgead ar fáil le caoi a chur ar phríomhfhoirgneamh Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5255/96]

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur dhein ailtire agus suirbhéir cainníochta cigireacht le déanaí ar na foirgnimh i bpobal scoil an Cheathrú Rua.

Tá tuarascáil ar an taighde á ullmhú faoi láthair.

Tar éis measúnú a dheanamh ar an dtuarascáil, déanfar cinneadh ar an gcaoi is fearr chun riachtanaisí spáis na scoile a réiteach. Cuirfear an bord bainistíochta ar an eolas dá réir.

Ní éireoidh ceist airgid go dtí go gcinnfear ar riachtanaisí na scoile.

Top
Share