Tá mé chun Ceisteanna 32 agus 39 a fhreagairt le chéile.
Don chuid is mó braitheann clár oibre gach Uachtaránacht ar na hUachtaránachtaí a thagann díreach roimpi. I gcomhthéacs na struchtúr sin, níl ceist chóras na dteangacha cláraithe mar ábhar díospóireachta.
Cé nach móide é faoi láthair, is féidir go mbeidh córas na dteangacha in institiúidí an Aontais Eorpaigh i measc na gceisteanna a pléifear ag an gComhdháil Idir-Rialtasach (CIR). Má phléitear an cheist seo ag an CIR, nó i gcómhthéacs aon chaibidlí faoi mhéadú ina dhiaidh sin, agus má tá caoi ann stádas na Gaeilge a fheabhsú sa chomhthéacs sin, tá sé i gceist ag an Rialtas an deis sin a úsáid.
Seachas an CIR, a thagann le chéile go speisialta chun athruithe do na Conarthaí a phlé, ba mhaith leis an Rialtas dul chun cinn a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach. Níl gá le hathruithe sna Conarthaí dona leithéad seo de dhul chun cinn. Go deimhin, níl ceist chóras na dteangacha leagtha síos sna Conarthaí féin, ach i Rialachán ón gComhairle. Tá staidéar déanta ag mo Roinn ar dhóigheana praicticiúla chun dul chun cinn don Ghaeilge a bhaint amach. Tá an staidéar sin seolta go dtí an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus tá sé faoi mheas aige faoi láthair. Leanófar ar aghaidh leis an iarracht chun feabhsuithe praicticiúla a bhaint amach san áireamh le linn Uachtaránacht na h-Éireann don Aontas Eorpach.