Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1996

Vol. 463 No. 1

Written Answers. - Foilsiú FÍS

Robert Molloy

Question:

72 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cé mhéad cóipeanna de FÍS a foilsíodh go dtí seo; na costais iomlána foilsithe; cé hiad na daoine a gcuirtear an nuachtlitir seo chucu; an bhfuil sé ag deanamh athbhreithniú ar fhoilsiú FÍS; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5800/96]

Tá trí eagrán de FÍS, nuachtlitir mo Roinne-se. foilsithe go dáta. 10,000 cóip a foilsíodh den chéad eagrán ach, ag féachaint don éileamh mór a bhí ar an eagrán sin, méadaíodh an líon a clóbhualadh go 13,000 don dara eagrán agus do 15,000 don triú ceann. Tá an gné seo den cheist á choimeád faoi athbhreithniú agam.

Tá meán-chostas foilsithe de £6,000 in aghaidh an eagráin go dtí seo, cé nach miste a lua gur bhain costas thart ar £5,000 le dearadh na nuachtlitreach an céad lá agus gur obair aon-uaire a bhí i gceist i gcuid mhór de sin. Anuas ar sin, tá costais chlódóireachta thart ar £12,800 íoctha san iomlán go dáta.

Scaiptear an nuachtlitir go forleathan ar líon mór daoine agus eagraíochtaí, ina measc Airí, Teachtaí agus Seanadóirí; Comhairleoirí Contae, Comhairleoirí Baile agus Coimisinéirí Baile mar aon le hoifigigh a sinsireacha na n-eagraíochtaí sin; Na Páirtithe Shóisialta; Foíreann uile mo Roinnese agus na nInstitiúidí faoina scáth; Comhaltaí Boird agus oifigigh shinsireacha na mBord a thagann faoi scáth mo Roinne-se, Bunscoileanna agus Scoileanna Dara Leibhéal, Leabharlanna, Ionaid Dhífhostaíochta agus Ambsáidí.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta cheana féin, is í aidhm na nuachtlitreach ná eolas a chur ar fáil faoi chúraimí agus gníomhaíochtaí mo Roinne-se, ní amháin do na dreamanna éagsúla a bhíonn ag plé linn ar bhonn oifigiúil ach don phobal i gcoiteann. Tá mise lán-sásta go bhfuil an aidhm sin ag teacht go hiomlán leis an gealltanas atá sa Chlár le haghaidh Rialtais Athnuachana féachaint chuige go mbeadh teacht i bhfad níos éasca ag an bpobal ar eolas faoi ghníomhaíochtaí an Stáit. Ní miste a lua go mbíonn an chuid is mó de na hailt sa nuachtlitir ag freagairt d'éilimh suntasacha ón bpobal — agus go deimhin ón Teach seo — ar eolas níos cuimsithí faoi na hábhair ar leith a bhíonn i gceist.

Top
Share