Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Mar 1996

Vol. 463 No. 3

Written Answers. - Monarcha Réamhthógtha.

Mary Coughlan

Question:

159 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá ag Údarás na Gaeltachta monarcha réamhthógtha a chur ar fáil i gceantar Ard a'Rátha, Contae Dhún na nGall. [6165/96]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go ndéanfar cinneadh i leith réamhmhonarcha do cheantar Ard an Rátha i gcómhthéacs an chláir tógála a bheidh acu don bhliain seo chugainn.

Top
Share