Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 May 1996

Vol. 465 No. 3

Written Answers. - Aistriú Aonad an Ghúim.

Éamon Ó Cuív

Question:

179 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an ndearna Aonad na Seirbhísí Bainistíochta athbhreithniú ar an nGúm i 1995, agus má rinne, cén toradh a bhí ar an scrúdú seo agus an ndearna sí dada ina thaobh. [9806/96]

Éamon Ó Cuív

Question:

180 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist an Gúm a aistriú go dtí an Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9808/96]

Ba mhaith liom Ceisteanna Uimh. 179 agus 180 a thabhairt le chéile.

Mar a dúras i nDáil Éireann ar 20 Feabhra, 1996, níl sé i gceist agam An Gúm a aistriú. Tá dréacht tuarascáil curtha ar fáil ag Aonad na Seirbhisí Bainistíochta den Roinn Airgeadais faoi athbhreithniú ar An nGúm agus tá sí faoi scrúdú i mo Roinn i láthair na h-uaire. Déanfar í a phlé leis an Roinn Airgeadais ar ball beag agus beidh an tuarascáil mar bhunús ar aistriú An Ghúim go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúr agus Gaeltachta.

Top
Share