Tá oibreacha feabhsúcháin ar siúl ag an agrúp-scéim seo faoi láthair. Go dtí seo, íocadh £226,782 i ndeontaisí don ghrúpa chun píopaí a athleagadh. Le déanaí, rinne an grúpa togra chun achar áirithe de phíopaí deich n-orlach a leagadh. Tarlaíonn sé, áfach, go bhfuil an obair chéanna ina cuid de thogra atá curtha faoi bhráid na Roinne ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun sol áthar uisce poiblí a chur ar fáil idir an Spidéal agus Ros a' Mhíl. Tá an scéim seo ina cuid den iarratas ar airgeadais ón gCiste Comhuaineach chun scéimeanna nua uisce agus séarachais a chur ar fáil i gceanntar Chonamara agus Oil eáin Árainn agus braitheann dul chun chinn ar an scéim ar thoradh an iarratais sin.