Dinny McGinley
Question:75 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais d'obair dheisiúcháin ar scoil náisiúnta Loch an Iúir, Dún na nGall; agus cén uair a cheadófar an deontas. [11302/96]
Vol. 466 No. 3
75 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais d'obair dheisiúcháin ar scoil náisiúnta Loch an Iúir, Dún na nGall; agus cén uair a cheadófar an deontas. [11302/96]
Rinne mo Roinn breithniú ar iarratas ó Bhord Bainistíochta scoil náisiúnta Loch an Iúir le haghaidh deontas d'obair feabhasúcháin. Aontaíonn mo Roinn go bhfuil gá le cóiríocht bhreise ag an scoil.
Níl an Roinn i riocht deontas a cheadú don obair seo i mbliana ach déanfar aith-bhreithniú ar an tionscnamh amach anseo i láthair an méid airgid chaipitil a bheidh ar fáil do mo Roinn-se.
Cuireadh scéala dá réir chuig an scoil ar an 30 Aibreán 1996.