Thug an méadú is fearr fós i bhfás na fostaíochta sa Ghaeltacht i 1995 an fhostaíocht i ngóthais a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta go buaicphointe de 6,835 phost ag deireadh na bliana sin. Baineadh amach an glanmhéadú is airde riamh de 539 bpost sa bhliain sin mar thoradh ar 1,251 phost nua a chruthú. Is fíor gur cailleadh 712 phost scaipthe thar 293 ghnóthais ar leith agus is cúis mhór bhuartha é sin domsa, mar Aire a bhfuil freagracht air i leith na Gaeltachta, agus don Údarás féin.
Cailleadh na poist sin mar gheall ar an iliomad cúiseanna éagsúla agus i raon leathan de thionscail éagsúla. Tá anailís á déanamh le tamall anuas ar an gceist sin ag an Údarás d'fhonn tuiscint a fháil ar na cúiseanna go n-éiríonn lena n-iar- rachtaí i gcásanna agus nach n-éiríonn chomh maith sin leo i gcásanna eile.
Cé nach maith liomsa ná leis an Údarás go gcaillfí aon phost in aon chor tá an tÚdarás ag díriú go sonrach le blianta anuas ar fhadhb na gcaillteanas sin a laghdú. Aithnítear ar fud an domhain go gcailltear poist i ngnóthais de réir, mar shampla, mar a thagann meath ar thionscail agus ar earnálacha tionscail agus go laghdaítear méid na bpost le feabhsú teicneolaíochta. Is í an aidhm, mar sin, ná poist le buanadas a chruthú oiread agus is féidir sa chéad dul síos na gnóthais atá ann a shíorspreagadh le bheith ag obair chun iad féin a chur in oiriúint don saol gnó, laigí a leigheas agus deiseanna nua a thapú. Gné tháb- hachtach de ghníomhaíochtaí an Úda- ráis d'fhonn caillteanais post a laghdú is ea tacaíocht iarchúraim a sholáthar do chomhlachtaí agus cabhrú leo in uasgh- rádú, scileanna agus i bhforbairt margaí nua, táirgí nua agus gaolmhaireachtaí stráitéiseacha.
Ar an taobh dearfa de, tá toradh fónta ag teacht ar na hiarrachtaí le blianta beaga anuas (cé, ar ndóigh, go bhfuil baint ag an bhfeabhas ginearálta san eacnamaíocht leis an gcás freisin) chun líon na gcaillteanas post a laghdú. Ba fheabhas mór iad na figiúirí caillteanas post le cúpla bliain anuas ar chaillteanais blianta roimhe sin.
Ba é meánchostas deontas an phoist i 1995 ná £9,691 i gcás an Údaráis.