Cuireann sé fíor dhíomá orm nach bhfuil an tAire ná duine de na hAirí Stáit sa Roinn Oideachais anseo leis an cheist seo a fhreagairt. Is masla é ní domsa ach don phobal atá ag déanamh an iarratais seo, nárbh fhiú leis an Aire teacht isteach, ní don chéad uair, leis an cheist seo a fhreagairt.
Tógadh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua sa bhliain 1966 — i mbliana tá sé 30 bliain d'aois. Scoil chuimsitheach í agus ceann de na fadhbanna atá éirithe ná nach bhfuil aon tuismitheoir ar an mbord agus b'fhéidir da mbeadh, go mbeadh caoi curtha ar an scoil fadó. Tá idir thuismitheoirí agus múinteoirí tar éis teacht ag na Teachtaí Dála sa cheantar agus agamsa go minic faoi cheist na scoile a bhfuil fíor-dhrochbhail uirthi.
Ar ndóigh, is scoil Ghaeltachta í agus nuair a tógadh í sa bhliain 1966, ní hé an oiread sin de mhuintir na háite a bhí ag freastal ar an meánscoil. Idir an dá linn, tháinig méadú as cuimse ar líon na scoláirí atá ag freastal ar an scoil. Ar an eolas atá agam anois, tá suas agus anuas le 400 scoláire ag freastal go lánaimseartha ar Scoil Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Sin os cionn dhá oiread an uimhir a bhí ag freastal ar an scoil chéanna i 1966 agus níl aon chosúlacht ar an scéal ach oiread go dtiocfaidh laghdú ar líon na scoláirí a bheidh ag freastal ar an scoil seo, amach anseo.
Tá drochbhail ar an scoil ó thaobh struchtúir de agus níl dóthain áiseanna ann ach oiread. Ó tógadh an scoil is beag obair a déanadh uirthi iriamh: rinneadh roinnt bheag oibre tamall beag ó shin ach is beag san. I láthair na huaire tá fadhbanna móra ann maidir le díon na scoile, leis na leithris, fadbh taiseachta, agus nil aon rud déanta fós mar gheall orthu.
Tá easpa áiseanna ar an scoil, freisin. Tá seomra an-bheag ag an múinteoirí; níl aon leabharlann ann anois mar an áit a bhíodh mar leabharlann tá sé anois ina seomra ranga. Is beag áiseanna saotharlainne atá ar fáil agus is bocht freisin iad na háiseannna spóirt atá ar fáil sa scoil. Níl dóthain spáis ranga ann ach oiread: an cás is tromchúisí uilig, b'fhéidir.
Mar fhreagra ar cheist Dála scríobh mé ag an Aire i mí Bealtaine 1995 agus fuair mé admháil ar an litir ach freagra ní bhfuair mé. Chuir mé ceist Dála faoin scoil, tá cúpla mí ó shin ar an 6 Márta. Sa bhfreagra a fuair mé dúirt an tAire go raibh fiosrúchán agus suirbhé déanta ar an scoil ach diabhal cinnidh nó scéala a fuair na tuismitheoirí ó shin faoi céard atá sé i gceist a dhéanamh leis an scoil.
Bheadh mé ag súil agus beidh mé ag súil anocht go bhfaighidh mé dea-scéala, go bhfuil sé i gceist an Roinn gníomhú maidir le cúrsaí tógála na scoile, cur leis na háiseanna agus déanamh cinnte go bhfuil an chóiríocht chéanna ar fáil sa scoil seo agus atá ar fáil i mbunáite scoileanna na tíre. Níl aon chúis go mba cheart go mbeadh ar an dream is faide siar bheith ar an ndream is measa as ó thaobh áiseanna scoile.
Tá muintir na háite ag iarraidh le fada go ndéanfaí rud éigin leis an scoil. Beidh mé ag súil, ainneoin easnamh an Aire féin anocht, go mbeidh dea-scéala ag an Aire Stáit dom anocht.