Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 Jul 1996

Vol. 468 No. 4

Written Answers. - Oideachas do Dhuine i Chontae na nGaillimhe.

Éamon Ó Cuív

Question:

428 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a bheidh socruithe déanta maidir le hoideachas a chur ar fáil do dhuine (sonraí tugtha) i Contae na nGaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15118/96]

Tá roinnt moltaí ag Cigireacht na Roinne, taréis tosca an cháis a fhiosrú, maidir le soláthar oiriúnach oideachais a chur ar fáil don dalta áirithe seo.

Tá stáidéar á dhéanamh ar na moltaí seo sa Roinn faoi láthair agus déanfaidh mé teagmháil leis an Teachta chomh luath agus a chinnfear ar bhreith sa chás seo.

Top
Share