Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Oct 1996

Vol. 469 No. 4

Written Answers. - Deontas Tí.

Éamon Ó Cuív

Question:

33 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas tí le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe: agus cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo. [17567/96]

Ceadaíodh deontas feabhsúcháin £2,300 sa chás seo ar 25 Aibreán 1996 agus fuarthas iarratas go n-íocfaí cuid den deontas tamall ó shin.

Faoi mar is eol don Teachta, tá moill ar phroiseáil cuid de na hiarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo, tá cainteanna ar siúl leis an bhfoire-ann tithíochta agus lena gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstructurú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socrai-the sar i bhfad.

Déanfar an t-iarratas ar íocaíocht as chás seo a mheas a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin.

Top
Share