Helen Keogh
Question:44 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfeadh sé in iúl líon na n-oifigeach ina Roinn atá fostaithe go seasmhach ins na ceantair Ghaeltachta agus an méid oifigeach atá lonnaithe i gCeannáras na Roinne i mBaile Átha Cliath; an bhfuil aon phlean aige an Ceannáras a lonnú i gceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17410/96]