Éamon Ó Cuív
Question:108 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige airgead a chur ar fáil le droichead nua a thógáil in Inis Niadh, Cloch na Rón, Contae na Gaillimhe, ó tharla go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis a thabhairt le fios go bhfuil siadsan sásta airgead a chur ar fáil don obair seo má fhaightear deontas ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, agus ó tharla go bhfuil fíordhroch-chaoi ar an droichead seo, agus go bhfuil fíor-ghéarghá lena athnuachan; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18816/96]