Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 1996

Vol. 472 No. 3

Written Answers. - Cinneadh ar Achainí.

Éamon Ó Cuív

Question:

218 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén uair a dhéanfar cinneadh ar achainí a rinneadh ar son duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe maidir le fíneálacha a gearradh uirthi ag cúirt i 1995; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23226/96]

Tá timpeall ar 5,000 achainí idir lámha agam i láthair na huaire agus an achainí atá luaithe ag an Teachta ina measc. Tugadh breithiúnas Ard Cúirte anuraidh i dtaobh achainíocha agus tá slí oibre nua uaim a thógfaidh an breithiúnas sin ar bord. Déanfaidh mé cinneadh ar an achainí ón Teachta in am trátha ach ní féidir liom dáta a ainmniú ag an bpointe seo.

Top
Share