Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Dec 1996

Vol. 473 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Céibheanna na nOileán.

Éamon Ó Cuív

Question:

2 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach cén Roinn atá freagrach as airgeadú forbartha céibheanna ar na hoileáin mhara Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24629/96]

Tá cabhair airgeadais ar fáil i leith forbairt chéanna i gceantair Ghaeltachta ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Soláthar de £2.35 milliún a bhí ar fáil i mbliana chun na críche seo agus caitheadh £2.324 milliún den suim sin ar thograí muiroibreacha ar oileáin Ghaeltachta mar leanas: £1.984 milliún punt don chéad chéim den mhórscéim mhuiroibreacha ar Oileán Thoraigh; £0.336 milliún punt chun an mhórscéim mhuiroibreacha ar Inis Meáin agus Inis Oírr a chríochnú; £4,000 punt chun deisiúchán a dhéanamh ar ráille sábhála ag an Léab Garbh, Árainn Mhóir.

Maidir le Stráitéis an Rialtais do na hoileáin faoi mar a leagadh amach í i dTuarascáil an Choiste Idir-Ranna, a láinseáladh mí Feabhra seo caite, tá maoiniú ar fáil ó Vóta mo Roinne freisin do thograí tosaíochta rochtana. Sonraíonn Tuarascáil na nOileán rochtain idir na hoileáin agus an mhórthír mar an phríomhcheist a bhfuil aghaidh le tabhairt uirthi i mbliana agus chuir an Rialtas £1 milliún punt breise ar fáil i 1996 chun na críche seo.

Mar thoradh ar an leagan amach nua atá bunaithe de réir moltaí na Tuarascála, tá tograí rochtana oileáin roghnaithe agus curtha in ord tosaíochta ag Coistí Oileánda na nÚdarás Áitiúil cuí. Go dtí seo, tá maoiniú de thart ar £600,000 ceadaithe agam do thograí rochtana ar oileáin amach ón gcósta, oileáin i gceantair Ghaeltachta san áireamh. Dáiltear an maoiniú do gach togra tosaíochta rochtana ar na húdaráis áitiúla chuí de réir gnáthriachtanais chuntasaíochta an Rialtais.

Cuireann Tuarascáil na nOileán creat straitéiseach ar fáil agus is féidir leis na hAirí cuí aghaidh a thabhairt ar cheisteanna iompar rochtana, forbairt infrastruchtúir, oideachais, sláinte, etc. laistigh den chreat sin. Tá lánfhreagracht i gcónaí ar gach Roinn Rialtais ag a bhfuil ionadaíocht ar an gCoiste ldir-Ranna Comhordaithe i leith a limistéar féin polasaí a bhfuil éifeacht aige ar choinníollacha maireachtála na bpobal oileánda.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht freagra na ceiste ach an bhféadfadh sé a rá liom go soiléir má tá pobal oileánda Gaeltachta ag iarraidh deontas le caoi a chur ar ché, an ceart dóibh dul ag an gcomhairle chontae, ag Roinn an Taoisigh le haghaidh an clúdaigh speisialta nó ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta? Nó an ceart iarratas a chuir ag an trí dhream?

Nuair a foilsíodh an tuarascáil níor chuireamar isteach sna modhanna a bhí san áireamh nuair a bhí an scrúdú á dhéanamh againn. Mar fhreagra ar an gceist, is féidir le dream nó comharchumann ar bith sa Ghaeltacht iarratas a chur isteach don chéad uair chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Uaireanta nuair a chuirtear iarratas isteach chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta bítear ag plé chomh maith leis an gcoiste idir-ranna. Téann an coiste sin i gcomhairle leis na Ranna Stáit eile féachaint an bhfuil iarratas fachta acu don togra céanna. I gcás áirithe i mbliana, cuireadh iarratas ar aghaidh chuig an gcoiste idir-ranna chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcríoch ag Léab Garbh, Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. Chuir an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta £4,750 ar fáil don togra sin. Chuaigh an coiste idir-ranna i dteangmháil leis an Roinn agus thairg siad an fuílleach de £12,250 chun an togra a thabhairt chun críche. Cuireadh £17,000 ar fáil do Chomhairle Chontae Thír Chonaill chun an obair a chur i gcrích agus ní raibh dúbailt i gceist.

When a Gaeltacht community is looking for money from the State for the development of piers on its islands, should they apply to the county council, the Department of the Taoiseach, the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht or to all three? Have we now made a three-stop-shop out of a one-stop-shop? The people of the Gaeltacht and those who represent them should be given a clear and unequivocal reply because we want to know where to lodge our application.

I have already explained the situation to the Deputy. On the question of applications, there was no interference with the practice of co-operatives or local committees applying to Roinn na Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. On the question of local knowledge, there is a greater opportunity for it to be taken into account as the islanders' opinions will be respected by the local islands committee which prioritises these projects. There is agreement on the most urgent ones and there can also be cross assistance as I outlined in the Aranmore case. Instead of taking from the old system we have added to it because there is £1 million extra available to improve access and infrastructure.

Agus muid ag druidim le deireadh na bliana sílim go bhfuil focal molta tuillte ag an Aire as an méid atá déanta aige maidir le háiseanna a chur ar fáil do na hoileáin le bliain anuas, is cuma cad as a dtagann an t-airgead. Tá feabhas mór curtha ar rudaí mar go dtagann sé ó na hoileánaigh féin anois cad iad na jabanna a mba chóir tús áite a thabhairt dóibh, sé sin ó Choiste na n-Oileán sa Chomhairle Chontae agus ó Chomhdháil na n-Oileán agus an Roinn.

Cuireadh airgead go leor ar fáil do Dhún na nGall ó Thoraigh go hÁrann ach tá cé amháin ansin a dtug an tAire Stáit cuairt air i rith na bliana i Rana in Árainn Mhór. An bhféadfadh sé a rá an bhfuil sé ar liosta na bliana seo chugainn agus muna bhfuil an bhféadfadh sé airgead a chur ar fáil dó mar go bhfuil géarghá feabhas a chur air do na hiascairí a úsáideann é go forleathan i rith na bliana?

I dtaobh an ché sin, tá iarratas curtha isteach ag an gCoiste agus tá scrúdú a dhéanamh air ag Roinn na Mara. Nuair a bheidh an scrúdú thart, beidh mé i dteangmháil leis an dTeachta.

I gcás na Gaeltachta, bheadh sé níos simplí don Aire Stáit an t-airgead breise a fuair sé a thabhairt don Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ionas nach mbeadh ach dream amháin ag plé le céanna Gaeltachta. Sin mar ab fhearr le muintir na Gaeltachta agus na n-oileán Gaeltachta é.

I dtaobh cé an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin an leor don phobal iarratas a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nó ar cheart dóibh iarratas a dhéanamh chuig Roinn an Aire Stáit freisin le déanamh cinnte go mbeidh deis acu tarraingt as an dá chiste, ainneoin nach dtuigeann éinne go mór mór muintir na Gaeltachta cén difríocht a dhéanann sé d'airgead Stáit leath a thabhairt as ciste amháin agus leath a thabhairt as ciste eile, seachas é ar fad a scríobh as aon seic amháin.

An bhfuil an tAire Stáit ag deimhniú anseo inniu gur féidir airgead a fháil ó dhá Roinn Stáit, sé sin, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta le haghaidh an aon togra céibhe amháin?

Is féidir leis na daoine ar Inis Meán a n-iarratas a chur isteach go dtí Roinn na Gaeltachta agus chuig an coiste áitiúil i gcathair na Gaillimhe. Níl aon deacracht leis sin. I dtaobh an obair a bhí faoi seol againn i Roinn na Gaeltachta i mbliana, bhí tuairim is naoi moladh faoi mo bhráid agus d'aontaigh mé leo. Thugamar deontas £5,000 do choiste iascaire Machaire nó 80 faoin gcéad den chostas. Tugadh deontas eile do Chomhairle Dhún na nGall ina raibh leath den chostas. I gcás Leath Garbh thugamar timpeall ar £4,750 don iarratas sin. Níl treoirlínte cruinne leagtha síos sa Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i dtaobh an chéim den chostas a thabharfar mar dheontas, cibé iarratas atá i gceist.

An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú nach bhfuil sé ag rá liom nach mbíodh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i dtiúin le hiarratas ó na hoileánaigh nuair a bhídís ag meas iarratais ar obair chéibheanna go dtí seo? Tá an chiall sin le baint as an méid a dúirt sé agus tá mé cinnte nach mar sin a chreid-eann sé é a bheith.

Thug mé aitheantas do Chomhairle Oileán na hEireann, na daoine a chuir na moltaí isteach chuig mo Roinn roimh a foilsíodh an tuarascáil. Ach i dtaobh na n-iarratas atá tagtha os comhair an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, tá mé an-sásta le hobair Stiúrthóir na Roinne sin a phléann na moltaí ar an dtalamh agus tá an obair fé seol acu i láthair na huaire.

As regards the qualifying offshore islands, such as Coney Island off County Sligo, what is the total amount of money made available in this year's Estimate for improving access to these islands? Who is responsible for making the submission in the initial stages? Is it the islanders, Cumann na hOileáin or the local authority in the relevant area?

It starts with islanders. They submit their assessment to the four county council committees. I do not know if Sligo County Council has established an islands committee. However, it should consider this. This year £1.6 million is available to improve access. The £1 million made available in 1996 will be repeated in 1997. The approved capital projects that could not proceed because of weather restrictions and other development problems will go ahead. Those projects to which the £600,000 has been allocated will go ahead during 1997. That is a great move forward.

Top
Share