Éamon Ó Cuív
Question:8 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuair an Roinn tuarascáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar stádas na Gaeilge san Eoraip, agus má fuair céard a bhí molta sa tuarascáil, an bhfuil i gceist an tuarascáil a fhoilsiú, agus céard iad na gníomhaíochtaí atá tógtha nó i gceist a thógáil ag an Roinn de thoradh na tuarascála seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22448/96]