Tá áthas orm an deis seo a bheith agam ceist a thógáil maidir le cúrsaí uisce i gCois Fharraige, Conamara agus glacaim buíochas leis an Aire Stáit atá ag tabhairt freagra orm tráthnóna. Tá díomá orm nach bhfuil an tAire nó Aire Stáit ón Roinn Comhshaoil anseo le mé a fhreagairt mar bhí mé ag súil le bronntanas beag Nollag do mhuintir Chois Fharraige tráthnóna.
Is é cúlra an scéil seo gur cuireadh grúp-scéim uisce ar bun i gConamara agus ba bhall de Pháirtí an Aire Stáit a bhí go mór taobh thiar den iarracht i dtús na seachtóidí, Pól Ó Foighil. Ag an am sin bhí 350 teach i ndeisceart Chonamara. Anois, breis is fiche bliain níos déanaí, tá 681 teach, dhá eastát tionsclaíochta, ceann eile beartaithe agus stáisiún teilifíse ar an tseirbhís chéanna. Chomh maith leis an 680 teach, méadaíonn daonra an cheantair faoi dhó sa samhradh mar gheall ar na scoláirí a bhíonn ag freastal ar choláistí Gaeilge sa cheantar. Bhí ar an gcomharchumann áitiúil, le gairid, cosc iomlán a chur le ceangail nua, sé sin, ní féidir le héinne teach a thógaíl mar níl cead pleanála le fáil munar féidir a chruthú go bhfuil nó go mbeidh soláthar feiliúnach uisce ann.
Tá fadhb sa cheantar sin, freisin, maidir le caighdeán an uisce: ní shásaíonn an caighdeán rialacha na Roinne agus rialtacha an Chomhpho-bail. Tá soláthar an-mhaith uisce i gceantar an Spidéil agus níl le déanamh leis an scéal seo a réiteach ach píopa uisce a shíneadh siar ó bhaile an Spidéil chomh fada le Ros a' Mhíl. Tá tionscnamh iontach curtha le chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a réiteodh ní amháin fadhbanna uisce dheisceart Chonamara agus Chois Fharraige ach fadhbanna uisce Chonamara trí chéile, dá nglacfaí leis.
Tuigtear dom, áfach, nuair a fuair an Roinn Comhshaoil an plean seo nár chuir siad ar aghaidh chuig an Bhruiséal ach an chuid sin den phlean a bhain leis na hOileáin Árainn agus le ceantar Chois Fharraige. Ar ndóigh tá píopa uisce nach gcosnódh ach £3 mhilliún ró-bheag le haghaidh an Chiste Comhtháthú agus mar sin tá an tionscnamh seo ag titim idir dhá stól.
Tá mé ag iarraidh go gceadódh an Roinn Comhshaoil as cistí náisiúnta ar bhonn práinneach airgead le píopa uisce deich n-orlach a thógáil ó bhaile an Spidéil siar go Ros a' Mhíl: 18,000 méadar de phíopa atá i gceist anseo agus níl de chostas air ach £3 mhilliún. Ní fada ó dúirt an tAire Comhshaoil go raibh sé sásta £50 milliún a chaitheamh as cistí náisíunta ar chóras séarachais do chathair na Gaillimhe. Idir an dá linn, dá dtabharfaí an cead agus an t-airgead don chomharchumann áitiúil dul ar aghaidh ag leagan píopa deich n-orlach ón Spidéal chomh fada le ceantar Thigh Chuilinn in Indreabhán i gCois Fharraige, fad 2,700 méadar, ní bheadh ansin ach costas leath mhilliún punt nó faoina bhun agus bheadh an phráinn bainte as an bhfadhb.
Iarraim mar sin ar an Aire Stáit breathnú go báúil ar an iarratas seo ón bpobal — tá súil agam go mbeidh dea-scéala aige dom tráthnóna — agus airgead a cheadú láithreach leis an bpíopa seo a chur ar fáil agus ligint do shaol Chonamara forbairt mar is cuí.
Is olc an mhaise é méadú a bheith ag teacht ar an daonra, Údarás na Gaeltachta ann le forbairt an cheantair agus tionscal mór turasóireachta ann muna bhfuil soláthar uisce ann le seirbhís a thabhairt do na héilimh seo.
Ós ag caint ar chúrsaí uisce muid tráthnóna, scéim phobail í seo go bunúsach, a cuireadh ann le heolas an phobail agus tá súil agam má tá fírinne ar bith sna ráflaí atá ag dul thart maidir le táillí uisce go dtabharfar airgead do na grúpscéimeanna freisin le cinntiú nach mbeidh orthu táillí uisce a ghearradh má chuirtear deireadh leis na táillí uisce do na daoine atá ar na córais phoiblí.