Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jan 1997

Vol. 473 No. 4

Written Answers. - Scéim Fostaíocht Pobail.

Éamon Ó Cuív

Question:

495 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Fiontar agus Fostaíochta an bhfuil i gceist na rialacha maidir leis na scéimeanna fostaíochta a athrú sa gcaoi is go mbeidh cead ag daoine atá ar sochar dífhostaíochta gearrthéarmach, nó ag fáil unemployment benefit, dul ar na scéimeanna seo má tá áiteanna fágtha tar éis tús áite a thabhairt do na daoine ar fad atá ag fáil cúnamh leasa shóisialaigh fad-théarmach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1718/97]

Is léir go bhfuil an Teachta ag labhairt faoin scéim fostaíocht pobail.

Cuireadh an scéim fostaíocht pobail ar fáil chun cuidiú le daoine atá dífhostaithe go fad-théarmach agus atá ag bráth go bunúsach nó go hiomlán ar ioncam leasa shóisialaigh. Tá sé mar aidhm ag an scéim taithí oibre a thabairt do dhaoine, maidir le roinnt traenála, a chuirfeadh ar a gcumas fostaíocht fad-théarmach a ghlacadh.

Glacadh leis na rialacha don scéim i 1996 i ndiaidh dian-scrudú ar an scéim agus mar fhreagra ar na moltaí a rinne an tasc-fórsa ar dífhostaíocht fad-theármach. Tá an scéim ag oibriú go sásúil agus níl sé ar intinn agam na rialacha seo a leathnú. Tá an scéim dírithe ar ghrúpaí áirithe agus sin an aidhm atá againn. Chuirfeadh leathnú na scéime isteach ar an aidhm sin.

Top
Share