Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Jan 1997

Vol. 473 No. 6

Written Answers. - Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Robert Molloy

Question:

208 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an mbeidh sí sásta dáta agus ionad a shocrú le casadh le toscaireacht ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe chun polasaí na Roinne i dtaobh Ghairmscoil Mhíchíl, Béal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2310/97]

Bhuail Oifigigh ón Roinn Oideachais (Rannóg Phleanála agus Rannóg Fhoirníochta) le toscaireacht ó Choiste Ghairmoideachais Chontae na Gaillimhe i mBéal Átha na Sluaighe go luath i Mí na Nollaig 1996.

Ag an gcruinniú sin chuir Coiste Gairmoideachais ma Gaillimhe in iúl d'Oifigigh na Roinne go gcuirfí moltaí maidir leis an scoil faoi bhráid na Roinne. Nuair a chuirtear na moltaí siúd chuig an Roinn, déanfar iad a mheá agus ansin cuirfear cinneadh na Roinne in iúl don Choiste.

Top
Share