Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Feb 1997

Vol. 474 No. 4

Written Answers. - Clár Leader.

Éamon Ó Cuív

Question:

36 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an bhfuil sé sásta fáil réidh leis an riachtanas i gcás Chomhdháil Oileáin na hÉireann atá ag reachtáil Chlár Leader II ar na hOileáin, 20 faoin gcéad den airgead cothromais a bhailiú iad féin de bharr nádúr na noileán agus an deacracht atá ann teacht ar fhoinsí airgid ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1284/97]

Bertie Ahern

Question:

39 Mr. B. Ahern asked the Minister for Agriculture, Food and Forestry if he will reconsider the requirement in relation to projects on offshore islands requiring substantial matching funds which present particular difficulties in proceeding with projects which would create employment. [2150/97]

Éamon Ó Cuív

Question:

44 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an bhfuil sé sásta na rialacha maidir le Clár Leader II a athrú i gcás Chomhdháil Oileáin na hÉireann, le gur féidir leo deontais suas le 75 faoin gcéad a íoc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1285/97]

Robert Molloy

Question:

51 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an nglacann sé leis go bhfuil fadhbanna airgid ag Comhdháil Oileáin na hÉireann maidir le Clár Leader II do na hoileáin chónaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1579/97]

Tá sé is gceist agam Ceisteanna Uimh. 36, 39, 44 agus 51 a thógáil in éineacht.

Is eol dom na ceisteanna atá tarraingthe anuas ag na Teachtaí i dtaobh fheidhmiú chlár Leader ag Comhdháil Oileáin na hÉireann.

Is é Leader an Tionscnamh Pobail de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh Forbairt Tuaithe a bhaineann le ceantair tuaithe i gcoitinne. Níor ceapadh go speisialta é le haghaidh fhorbairt na n-oileán. Mar sin féin, mar a chuir mé in iúl dá ionadaí i gcruinniú a bhí againn le déanaí, tá bá agam le hargóint Chomhdháil Oileán na hÉireann ó thaobh cóir ar leith a chur ar na hoileáin. Tá athbhreithniú lár-tréimhse ar siúl faoi láthair i dtaobh an chláir agus ba cheart go gcríochnófaí é seo faoi cheann dhá mhí nó trí; i gcomhthéacs an athbhreithnithe seo, tá athruithe atá á moladh ag na Teachtaí san áireamh sa chomhthéacs seo. Caithfidh Coimisiún na hEorpa, áfach, athruithe sa chlár a cheadú.
Top
Share