Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Ceisteanna — Questions. Priority Questions. - An Chomhairle Ghaeilge.

Robert Molloy

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé le príomh-mholadh Treo 2000 go mbunófaí An Chomhairle Ghaeilge agus go mbeadh seo freagrach as gach earnáil agus gach cúram teanga, as maoiniú agus stiúradh ginearálta polasaí i réimsí uile na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4802/97].

Faoi mar a dúirt mé agus Treo 2000 (Tuarascáil an Choimisiúin chun Ról na nEagras Deonach Gaeilge a Scrúdú) á sheoladh agam ag deireadh mhí Eanáir, beidh an moladh go mbunófaí an Chomhairle Ghaeilge agus an moladh go maoineofaí na hEagrais Dheonacha Ghaeilge ar bhonn tograí le scrúdú go cúramach sula mbeifear in ann cinneadh críochnúil a dhéanamh futhu.

Tá tréimhse trí mhí á tabhairt agam do na hEagrais Dheonacha Ghaeilge, do Bhord na Gaeilge agus don phobal i gcoitinne chun a gcuid tuairimí faoi mholtaí na tuarascála (ar a n-áirítear an dá mholadh is ábhar don gCeist ón Teachta) a chur in iúl dom. Idir an dá linn beidh moltaí an Choimisiúin á scrúdú ag mo Roinnse chomh fada is a bhaineann siad léi.

Cad é meoin an Aire maidir leis na moltaí atá sa tuarascáil seo agus an mbeadh sé sásta é sin a nochtadh don Teach?

Tá sé ró-luath dó sin ach tuigim an tsuim atá ag an Teachta san ábhar atá mar bhunús ar an gceist. Tuarascáil chriticiúil is ea é ach an cúram atá ormsa tar éis an chomisiún a bhunú ná na tuairimí a bhí ann a fhoilsiú ina n-iomláine, gan aon chur isteach.

Tar éis na láinseála dúirt mé go raibh mé sásta go mbeadh plé phoiblí i measc eagrais éagsúla: an pobal, Teachtaí agus Comhchoiste na Gaeilge an Tí, má tá tuairimí acu, agus iad a chur san áireamh tar éis treimhse thrí mhí. Ag an bpointe sin, tógfaidh mé aon chinneadh atá ag teastáil más tá atheagrú ag teastáil.

Nach gceapfadh an tAire go bhfuil sé beagáinín ait nach bhfuil aon treoir á tabhairt aige don phobal agus don Teach faoi cad Díreach atá ina aigne féin ós rud é gurb é an tAire a bhunaigh an chomhairle a rinne na moltaí seo? Tá na moltaí foilsithe le tamall maith anois agus níl an tAire fós sásta a chuid smaointe féin faoi na moltaí ilghnéitheacha atá sa doiciméad seo a chur in iúl.

Foilsíodh é ag deireadh an mhí seo caite. Má táthar chun coimisiún a bhunú chun staidéar a dhéanamh ar ábhair éagsúla caithfear cead a thabhairt dóibh mionscrúdú a dhéanamh ar nithe éagsúla agus dul i gcomhairle le heagrais éagsúla agus moltaí a chur ar aghaidh ar deireadh ag tabhairt seans do na heagrais éagsúla freagraí agus tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa tuarascáil: tá sé sin daonlathach agus bhí sé tuillte ag an gcoimisiún go nglacfainn lena dtuairimí ar an mbonn sin. Ag deireadh na tréimhse tógfaidh mé cinneadh mar a dúirt mé.

An nglacann an tAire leis go bhfuil seans maith ann anois go mbeidh an pobal ciniciúil faoin dtuarascáil seo agus faoi sheasamh an Aire ós rud é nach bhfuil sé chun aon tuairim dá chuid féin a nochtadh? Tá an dáinséar ann go gcuirfear an tuarascáil seo ar leataobh cosúil lena lán tuarascálacha eile agus nach ndéanfar aon ghníomh ina dhiaidh agus gur am amú a bhí ann.

Tá na dáinséir sin imithe, a Cheann Comhairle. Bhunaigh mé an coimisiún chun anailís a dhéanamh ar na heagrais, tá sé ar intinn agam cinnithe a thógaint agus ní gá go mbeadh aon duine ciniciúil faoi. Nílim chun an tuarascáil a chur ar seilf agus dearmad a dhéanamh air: tá sé ar intinn agam é a scrúdú go mion agus glacadh leis na tuairimí a thiocfaidh as. Ag deireadh na tréimhse, tógfaidh mé cinneadh mar a dúirt mé.

Ar an méar fhada arís.

Top
Share