Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh 60 ar 8 Deireadh Fómhair 1996 agus ar Cheist Uimh 38 ar 28 Samhain 1995 tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí chláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus Eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach.
Tá sé de cheart ag saoránaigh gnó a dhéanamh le hEagrais Stáit trí Ghaeilge nó trí Bhéarla de réir mar a roghnaíonn siad. Ní mór go mbeadh seirbhísí á dtairiscint agus ar fáil gan cheist i nGa eilge chomh maith le Béarla agus go bhfeiefeadh an pobal go bhfuil fáilte roimh aon saoránach a roghnaíonn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Tá na prionsabail thuasluaite mar bhunchloch do na cláracha gníomhaíochta i dtaca le seirbhís trí Ghaeilge nó go dátheangach atá tarraingthe suas ag Ranna Rialtais agus ag Eagrais Stáit agus a bhfuil comhordú ar na feidhmeanna comhairle teagmhála, tuairiscithe agus measúnaithe ina leith á dhéanamh ag Bord na Gaeilge i gcomhar le mo Roinn féin.
Cé go bhfuil dul chun cinn áirithe á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do na pleananna gníomhaíochta, ní leor é. Níl sé sásúil go mbeadh eagrais Stáit ag déanamh neamhaird de pholasaí teanga an Rialtais chomh maith le bheith ag séanadh a gcearta ar dhaoine gurb í an Ghaeilge a rogha teanga. Caithfidh Rúnaithe Ranna agus Príomhfheidhmeannaigh na n-eagras Stáit athscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist sna Treoracha agus sna Treoirlínte agus féachaint chuige go dtosnófar ag feidhmiú dá réir. Scríobh mé chuig gach Aire arís an mhí seo caite ag iarraidh orthu iarracht speisialta a dhéanamh chun a gcearta teanga a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
Ag an bpointe seo measaim gurb é cur chuige na gcláracha gníomhaíochta agus feidhmiú na dtreoirlínte an bealach is fearr faoi láthair chun dul chun cinn a dhéanamh agus, mar sin, níl sé beartaithe agam tabhairt faoi Bhille Cearta Teanga a ullmhú ag an am seo. Mura n-éiríonn leis an gcur chuige sin, áfach, caithfear smaoineamh ar iachall áirithe dlíthiúil a chur ar Ranna agus eagraíochtaí Stáit chun a cearta teanga a thabhairt don phobal.