Éamon Ó Cuív
Question:105 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aige ó Choiste Forbartha Charna, do thogra ar a nglaotar Cliabhán an Chultúir i gCarna, faoin gClár Feidhme Turasóireachta de chuid Aontas na hEorpa, Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99, agus chun a fhiafraí de cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6245/97]