Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Mar 1997

Vol. 476 No. 2

Adjournment Debate. - Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ceann Comhairle as ucht cead a thabhairt dom an cheist phráinneach seo a ardú anocht. Nuair a d'ardaigh mé an cheist seo cheana ar an athló Dé Máirt an 21 Samhain 1995 chuir mé in iúl don Aire agus don Dáil go raibh imní ar fhoireann na scoile, ar na daltaí agus ar na tuismitheoirí maidir leis na háiseanna atá curtha ar fáil don scoil seo. Ba ábhar iontais a laghad obair feabhsúcháin a rinneadh ar na háiseanna le níos mó ná fiche bliain anuas.

Chuir mé in iúl an oíche sin nach raibh an spás nó an treallamh sa scoil sásúil chun freastal ar na scoláirí go háirithe ó tháinig méadú mór ar líon na scoláirí atá ag freastal ar an scoil. Tá suas le 450 dalta ann anois. Thug mé liosta fada de na rudaí a bhí in easnamh sa scoil agus ní dóigh liom gur gá é sin a dhéanamh arís anocht mar tá gach eolas i dtuarascáil na Dála ón oíche sin. Shoiléirigh mé go raibh sé riachtanach ath-chóiriú práinneach a dhéanamh ar an Chlochar agus ar an sean-scoil agus go raibh gá le seomraí breise. D'iarr mé ar an Aire an oíche sin airgead speisialta a chur ar fáil i Meastacháin 1996 chun athchóiriú iomlán a dhéanamh. Tá mé ag iarraidh a fháil amach ón Aire anocht cad a thárla ó shin mar níl aon mhór-oibreacha déanta sa scoil fós.

Táimid beagnach ceathrú bealaigh tríd an bhliain airgeadais seo agus níl aon scéala faighte ag na múinteoirí fós nó ag na tuismitheoirí nó ag an mBord Bainistíochta go bhfuil an obair ceadaithe ag an Roinn. D'admhaigh an tAire i 1995 go raibh dhá iarratas ón scoil chuimsitheach faoi bhráid na Roinne — ceann acu chun scoil a dhéanamh den Chlochar agus an ceann eile chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar an scoil féin. Dúirt sí gur cheart don scoil a cuid riachtanas ó thaobh treallaimh nua a chur in iúl do rannóg troscán agus treallamh na Roinne agus go ndéanfaí an t-iarratas a mheas.

Dúirt sí go raibh beirt oifigeach ón Roinn chun cuairt a thabhairt ar an scoil agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach sásúil. Dúirt sí go raibh tuarascáil chuimsitheach ailtireachta agus innealtóireachta maidir le gnéithe áirithe an Chlochair á cur le chéile agus go mbeadh an tuarascáil sin ar fáil i gceann cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Dúirt an tAire chomh maith gur mhaith léi a dheimhniú domsa go mbeadh ar chumas na Roinne moltaí a chur faoi bhráid Scoil Chuimsitheach An Cheathrú Rua chun na háiseanna a fheabhsú chomh luath is a bheadh an tuarascail ó na hailtirí agus na hinnealtóirí ar fáil. Beidh mé ag súil le freagra dearfach anocht faoin scoil seo i mo dháilcheantar. Tá gach tuarascáil a bheadh ag teastáil curtha ar fáil don Roinn. Táimid ag fanacht anois ar dheimhniú an Aire go dtabharfar cead dul ár aghaidh leis an obair agus go bhfuil airgead curtha ar fáil aici i Meastacháin Airgeadais 1997 chun an obair a thosú.

Tá an taoide ag casadh. Ní chuirfear suas lena leithéid níos faide. Beidh ceartanna oideachais á éileamh ag an bPáirtí Daonlathach do na scoileanna sa Ghaeltacht. Tá faillí déanta ag an Roinn Oideachais ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Scoil Chuimsitheach An Cheathú Rua le fada an lá agus tá mé ag impí ar an Aire anocht na háiseanna sa Cheathrú Rua a chur ar chomh-chéim leis na scoileanna galánta in a dáilcheantar féin.

I dtús báire, ba mhaith liom gearrchuntas a thabhairt ar chúlra an cháis seo.

Osclaíodh Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua sa bhliain 1966. Tá rollacháin ceithre céad daichead's a ceathair (444) dalta ag an scoil faoi láthair. Mar chóiríocht tá príomhfhoirgeamh trí urlár ag an scoil, comh maith le roinnt ranganna sa chlochar trasna an bhóthair uaithi.

Sa bhliain 1994, chaith mo Roinn timpeall seachtó míle punt (£70,000.00) ar fheabhsúcháin don chóras teasa, don soilsiú éigeandála agus don chóras aláraim dóiteáin. I dtús 1995, caitheadh timpeall £34,000.00 breise ar an gcóras teasa.

Is iad seo a leanas na gnóthaí atá faoi mhachnamh faoi láthair ag Rannóg Foirgníochta na Roinne — soláthar chóiríocht bhreise don scoil agus feabhsúcháin a dhéanamh ar an gcóiríocht atá ann.

Cheana féin, tá oifigigh ón Roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil chun an réiteach is sásúla ar a riachtanais chóiríochta a aimsiú.

Beidh cruinniú ann amárach maidir leis an gceist seo le Bord Bainistíochta na Scoile.

Nuair a bheidh deireadh leis an bpróiseas pleanála, braithigh cúrsaí tógala ar achmhainní caipitil a bheith ar fáil.

Top
Share