Peadar Clohessy
Question:26 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid bhreise a bheas á cur ar fáil do ghrúpscéimeanna sa Ghaeltacht. [9001/97]
Vol. 477 No. 2
26 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid bhreise a bheas á cur ar fáil do ghrúpscéimeanna sa Ghaeltacht. [9001/97]
29 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid bhreise a bhéas á cur ar fáil do ghrúpscéimeanna sa Ghaeltacht. [9002/97]
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 26 agus 29 le chéile.
Is deontas forlíontach anuas ar dheontas na Roinne Comhshaoil a íocann mo Roinnse i leith grúpscéimeanna uisce sa Ghaeltacht.
I gcás grúpscéime uisce sa Ghaeltacht a bhfuil cúnamh caipitil ceadaithe ina leith ag an Roinn Comhshaoil mar chabhair chun í a chur i gcrích nó a fheabhsú, féadfaidh mo Roinnse deontas forlíontach de nach mó ná £300 in aghaidh an tí, nó 10 faoin gcéad den chostas inghlactha in aghaidh an tí, cibé acu is lú, a thabhairt. Tá an deontas leasaithe sin i bhfeidhm ó 8 Márta 1995.
Níl athrú déanta ar mhéid an deontais chaipitil in aghaidh an tí ón Roinn Comhshaoil do ghrúpscéimeanna uisce agus, mar sin, níl athrú i gceist sa dheontas forlíontach ó mo Roinnse.