Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Other Questions. - Deontais Comharchumainn.

Robert Molloy

Question:

11 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén chabhair airgid atá curtha ar fáil do na comharchumainn éagsúla. [9000/97]

Is Ceist staitistiúil é seo agus tá sonraí de na deontais reachtála agus de na deontais chaipitil a d'íoc mo Roinnse leis na Comharchumainn Ghaeltachta éagsúla anuraidh á gcur ar fáil sa Tuairisc Oifigiúil.

Caiteachas ar Chomharchumainn Ghaeltachta i 1996

Comharchumann

Deontas Reachtála

Deontas Caipitil

£

£

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

40,000

Comhar Thoraí Teo

37,000

Comharchumann Marglann Stoic an Clocháin Teo

7,000

Comharchumann na Rosann Teo

10,000

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo

22,500

Comharchumann Iascairí Iarthar Mhaigh Eo Teo

20,000

Comharchumann Inis Meáin Teo

40,000

40,000

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

33,000

15,120

Comharchumann Shailearna Teo

33,000

Comharchumann Chonamara Thiar Teo

33,000

Comharchumann Forbartha Inis Mór Teo

40,000

Comhar Caomhán Teo

40,000

4,800

Comharchumann Forbartha an Leith Thrúigh Teo

4,800

Comharchumann Naomh Fhionáin Teo

19,000

20,000

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo

33,000

2,000

Comharchumann Chléire Teo

40,000

1,250

Comharchumann Ráth Cairn Teo

33,000

2,000

Iomlán

478,300

92,170

Carlow-Kilkenny): I gceist staitisticiúil, de ghnáth ní bhíonn ceisteanna eile.

Cén comhfhreagras atá curtha ar fáil do na comharchumainn éagsúla?

An bhféadfadh an tAire Stáit a dheimhniú dom go bhfuil sé suas go hiomlán don Údarás a shocrú, ó tharla gur faoina chúram atá comharchumainn na Gaeltachta, cé mhéad dá gciste a chaitheann siad ar na comharchumainn Ghaeltachta.

Nuair a aistríodh an fhreagracht ó mo Roinn-se go dtí an tÚdarás, socraíodh go mbeidh na deontais a bhí ag na comharchumainn i mbliana mar an gcéanna sna blianta atá romhainn. Sin é an tuairim atá agam ina thaobh sin.

Acting Chairman

Beidh a fhios ag an Teachta féin nuair a gheibheann sé na figiúirí.

Tá a fhios agam na figiúirí cheana féin — is cathaoirleach mé ar chomharchumann.

Tá ceist an-simplí agam ar an Aire Stáit. Má theastaíonn leis an Údarás cur leis an méid caiteachais atá á dhéanamh leis na comharchumainn Ghaeltachta — agus ar ndóigh tá boilsciú i gceist — an bhfuil sé de chead acu é sin a dhéanamh gan teacht ar ais agus cead an Aire a lorg?

Is féidir leo.

Top
Share