Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Stádas Oifigiúil Oibre don Ghaeilge.

Seamus Brennan

Question:

104 D'fhiafraigh Mr. S. Brennan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige a thacaíocht a thabhairt do Choláiste na bhFiann Teoranta maidir leis na hiarrachtaí maidir leis an bhfeachtas atá ar bun acu stádas oifigiúil oibre a fháil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. [8716/97]

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach cheana is faoi réir na tagairte do chóras na dteangacha san Aontas Eorpach i mír 3,209 den Pháipéar Bán Um Bheartas Eachtrach a ghlacfar le deis oiriúnach chun stádas na Gaeilege a chur chun cinn san Aontas Eorpach.

Top
Share