Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Apr 1997

Vol. 478 No. 2

Ceisteanna — Questions. - Cruinniú den Choiste Monatóireachta.

Éamon Ó Cuív

Question:

6 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach an raibh cruinniú den Choiste Monatóireachta le seirbhísí farantóireachta chuig Oileáin Árann le gairid, agus cén toradh a bhí ar an gcruinniú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10705/97]

Tá ionadaíocht ar an gCoiste Monatóireachta ó na trí Chomharchumann Forbartha ar na hOileáin Arann, ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, ó Roinn na Mara agus ó Roinn an Taoisigh.

Déanann an coiste plé ar nithe a bhaineann le sólathar na seirbhísí farantóireachta a bhfaigheann fóirdheontais ón Stát Chiste. Is é atá i gceist agam ná na seirbhísí lasta/phaisinéirí a oibríonn ó chathair na Gaillimhe agus an tseirbhís phaisinéirí a oibríonn ó Ros A'Mhíl, Contae na Gaillimhe.

Cuireann O'Brien Shipping an tseirbhís lasta/phaisineírí ar fáil ó Ghaillimh de réir conradh buan cúig bliana. Beidh an tréimhse cúig bliana istigh ag deireadh mí Lúnasa i mbliana. Cuirtear deontas £550,000 ar fáil in aghaidh na bliana don tseirbhís seo.

Cuireann Island Ferries Limited an tseirbhís phaisinéirí ar fáil ó Ros A'Mhíl faoi chonradh bliantúil. Cuireadh £60,000 ar fáil i ndáil leis an tseirbhís seo i 1997. Beidh an conradh istigh 30 Aibreán 1997.

Tionóladh an criunniú is deireanaí den gCoiste Monatóireachta Dé hAoine, 11 Aibreáin 1997. Shocraigh na hionadaithe ó na h-oileáin gan freastal ar an gcruinniú. Mar gheall ar sin, bheartaigh an coiste a gcuid gnó a chur an ceal go ceann tamaill.

Is é príomh teáma Tuarascáil na nOileán saol eacnamaíochta agus sóisialta muintir na n-oileáin a chur chun cinn agus go gcaithfidh na heagrais eagsúla obair as lámha a chéile. Síleann an Coiste Monatóireachta go bhfuil sé thar a bheith riachtanach go mbeidh na baill ó na h-oileáin sásta páirt iomlán a ghlacadh ionas go mbeadh an coiste in ann feidhmiú go héifeachtach.

Táim ar aon fhocal leis an gcoiste faoin bpointe seo agus tuigim gurb é an Coiste Monatóireachta an forám cuí chun nithe a bhaineann leis na seirbhisí seo a phlé. Tuigim freisin go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear dearcadh na n-oileánach faoi bhráid an chruinnithe. Sa deireadh thiar thall, is iad siúd a bhaineann feidhm as na seirbhísí agus tá sé riachtanach go mbeidh ionadaíocht ann ó na hOileáin Arann.

Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall féachaint chuige an bhféadfaimís teacht ar chomhréiteach agus tá súil agam go mbualfadh an Coiste Monatóireachta arís go luath amach anseo.

Cén fáth nach raibh na hionadaithe ó na h-oileáin sásta dul chuig an chruinniú den Choiste Monatóireachta agus cad tá i gceist ag an Aire a dhéanamh faoi seo?

Bhí na hionadaithe ag iarraidh an conradh agus na téarmaí a phlé dóibh féin. Tá cúramaí an chonartha faoi mo Roinn agus is í an Roinn atá freagrach don Teach seo. Sin é an fáth gur bhaineamar úsáid as an Choiste Monatóireachta faoi mar a rinne Rialtais eile roimhe seo.

An mbeadh sé fíor a rá nárbh é sin an fáth nár fhreastal na híonadaithe ar an chruinniú ach gurb é a bhí i gceist ná nár theastaigh uathu na seirbhísí chuig na h-oileáin a phlé leis na státseirbhísigh fhaid is a bhí na daoine a chuireann na seirbhísí ar fáil i láthair. An bhfuil an tAire Stáit sásta a rá go mbeidh sé sásta cruinniú a shocrú idir na h-oileánaigh agus a Roinn agus nach mbeidh lucht na mbád farantóireachta i láthair?

Bhí cruinniú ar an 11 Aibreán in oifig na Roinne sna Forbacha i nGaillimh. Bhí Pól Ó Foighil i láthair chomh maith le Caitlín Ní Dhóill, Éamon Ó hÉanaigh, Mícheál Ó Conghaile agus Tarlach de Blácam. Ní rabhadar sásta fanacht ach chuireadar a dtuairimí in iúl do na h-oifigigh ó mo Roinn. Ní rabhadar sásta leis na freagraí a tugadh dóibh.

Níl tú ag freagairt na ceiste. An bhfuil tú sásta cruinniú a eagrú idir ionadaithe na n-oileán agus na státseirbhísígh ó do Roinn atá ag plé na ceiste seo gan éinne eile a bheith i láthair le leagan amach na seirbhíse go ginearálta a phlé.

Bhí cruinniú ar an 11 Aibreán. An bhfuil cruinniú eile á lorg agatsa? Beidh mé sásta cruinniú eile a chur ar bun.

Cén fáth nach raibh tú sásta an cruinniú sin a chur ar fáil seachtain ó shin? Tá athbhreithniú iomlán á dhéanamh ar an chonradh. Is cuma leis na h-oileánaigh cé aige a bheidh an conradh ach tá siad ag iarraidh ceist leagan amach na seirbhíse a phlé. Ní cheapann siad go bhfuil sé feiliúnach i láthair na huaire agus tá siad ag iarraidh cruinniú ag a mbeidh ionadaithe na n-oileán agus ionadaithe na Roinne leis an cheist ar fad a phlé.

Rinneadh na tuairimí ar fad a phlé ag an chruinniú a bhí ann cheana ach tionólfaidh mé cruinniú eile má tá a leithéid uathu.

Cén fáth nach rabhthas sásta dul ar aghaidh le cruinniú mar sin ar an dáta a luaigh tú seachas an rud a tharla os comhair an dreama a chuireann an tseirbhís ar fáil?

Tá dualgas orm tairiscintí nua a lorg agus tá na tairiscintí sin amuigh. Ní bhfuaireamar ach iarratas amháin ó chomhlacht amháin.

An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú go raibh na h-oileánaigh ag iarraidh go dtarraingeofaí siar an tairiscint agus go ndéanfaí athbhreithniú iomlán ag leagan amach na seirbhíse agus gurb é sin an fhadhb idir na h-oileánaigh agus an Roinn agus nach bhfuil an Roinn sásta éisteacht le tuairimí na n-oileánach ar an cheist seo?

D'fhiafraigh mé den Roinn Airgeadais a bhféadfainn an tairiscint a chur ar athló ach ní rabhadar sásta. Fuaireamar breis ama ón chomhlacht agus níor bhain na daoine as na h-oileáin nó na daoine ar an Choiste Monatóireachta aon úsáid as an t-am sin.

Top
Share