Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Apr 1997

Vol. 478 No. 2

Written Answers. - Foirmeacha i nGaeilge.

Éamon Ó Cuív

Question:

68 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cé na socruithe atá déanta aige leis na Boird Sláinte, le déanamh cinnte de go mbeidh foirmeacha le fáil i nGaeilge, le naíonraí a chlárú faoi Alt 9. (1) den Acht um Chúram Leanaí ó tharla go bhfuil éileamh ar a leithéid ó na Naíonraí Gaelacha agus dreamanna eile agus ó tharla go bhfuil cuid de na Boird Sláinte tar éis a chur in iúl nach raibh na foirmeacha seo ar fáil i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10907/97]

Rinneadh na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) 1996 agus an treoir mhínithe a aistriú go Gaeilge agus beidh siad ar fáil go luath ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais. Rinneadh an foirm oifigiúil fógrúcháin a aistriú chomh maith. Tugadh cóipeanna do na boird sláinte le déanaí agus ba chóir go mbeadh siad ar fáil ó na boird anois.

Top
Share