Trevor Sargent
Question:28 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad páipéir athchúrsáilte a úsáidtear ina Roinn agus na bealaí eile atá ann chun méid na dramhaíola a laghdú. [17419/97]
Vol. 482 No. 2
28 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad páipéir athchúrsáilte a úsáidtear ina Roinn agus na bealaí eile atá ann chun méid na dramhaíola a laghdú. [17419/97]
Tá an paipéar stríoctha a úsáideann mo Roinnse déanta as páipéar athchúrsáilte 100 faoin gcéad. Chomh maith leis sin, tá na clúdaigh litreach a úsáidtear i mo Roinnse déanta as páipéar athchursáilte 90 faoin gcéad.
Déanann foireann mo Roinne gach dícheall an méid dramhpháipéir a laghdú a mhéad is féidir trí, mar shampla, sean-chlúdaigh litreacha a athúsáid oiread agus is féidir.