Austin Deasy
Question:47 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici ardú deontais a thabhairt do mhná tí na nGaeltachtaí a mbíonn páirteach i Scéim na gColáistí Gaeilge. [17434/97]
Vol. 482 No. 2
47 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici ardú deontais a thabhairt do mhná tí na nGaeltachtaí a mbíonn páirteach i Scéim na gColáistí Gaeilge. [17434/97]
Tá an cheist sin á scrúdú agam i láthair na huaire.
Ar ndóigh, níl sa chúnamh a íocann mo Roinn féin faoin Scéim seo ach cuid den ioncam a bhíonn le fáil ag na teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar íosta leo le linn dóibh a bheith ag freastal ar Choláistí Gaeilge. Íocann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí táillí le húdaráis na gColáistí Gaeilge agus déanann na Coláistí íocaíocht leis na teaghlaigh as na táillí sin.