Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Written Answers. - Íoctaí Bóithre.

Ulick Burke

Question:

37 D'fhiafraigh Mr. U. Burke den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtabharfaidh sí airgead i leith feabhsú bóithre áise turasóireachta sa Ghleann i nGaeltacht Chiarraí theas a bhfuil droch staid orthu faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20644/97]

Le litir an 5 Samhain thairg mo Roinnse deontais de £47,000 in iomlán do Chomhairle Chontae Chiarraí chun bóithre sonrach i nGaeltacht Chiarraí a fheabhsú ar an tuiscint go mbeidh suim comhionann á cur ar fáil ag an gComhairle Chontae i leithe na mbóithre sin. Níl bóithre i gceantar an Ghleanna, Baile an Sceilg, ar an liosta bóithre i gceist. Ní bheidh deontais eile á gceadú i mbliana i leith bóithre.

Top
Share